"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh."
Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜
tuairisc.ie/ardu-ar-luch...
"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh."
Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜
tuairisc.ie/ardu-ar-luch...
Scéal iomlán @tuairisc.bsky.social 👇https://tuairisc.ie/pointi-cao-a-gceilt-ar-dhaltai-ardteiste-2026-i-scoileanna-lan-ghaeilge/
“D’fhéadfadh dalta atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana suas le 43 pointe CAO a chailleadh i gcomparáid leo siúd in 2027, in ainneoin an iarracht chéanna a dhéanamh. Tá sé sin éagórach amach is amach agus d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige ar a ndeiseanna san ardoideachas,”
Léiríonn tuairim an tAire Oideachais easpa tuisceana & tacaíochta don Ghaelscolaíocht sa Chlár & sa tír. Thit líon na ndaltaí ag freastail ar Ghaelscoileanna i rith tréimhse an Rialtais deireanach. An dtarlóidh amhlaidh faoin Rialtas nua?
Tá am d'uaillmhian fós a Aire tuairisc.ie/dul-amu-ar-a...
🚆'Léiríonn suirbhé ar níos mó ná 7,100 duine go dtacaíonn an pobal go láidir le húsáid na Gaeilge ar thraenacha. '
⭐️'Creideann os cionn 70% go bhfuil sé tábhachtach nó an-tábhachtach an Ghaeilge a labhairt ar sheirbhísí iarnróid.' www.rte.ie/gaeilge/2025...
I ráiteas ó Chonradh na Gaeilge deirtear gur ‘pointe tosaigh suntasach & dearfach’ é Buiséad 2026 don Ghaeilge & don Ghaeltacht, ‘& léiríonn sé dea-thoradh don fheachtasaíocht leanúnach & aontaithe atá ar bun ag pobal na Gaeilge & na Gaeltachta le bliain anuas’.
www.irishtimes.com/gaeilge/tuar...
An-phlé aréir in Ionad an Phiarsaigh ar thionchar ghluaiseacht na Gaeilge @cnagaeilge.bsky.social ar Éirí Amach 1916 leis na staraithe @patrickjmahone1.bsky.social agus Aindrias Ó Cathasaigh. Go leor ábhar fíorshuimiúil le fáil anois i gCartlann CnaG i nGaillimh @uniofgalway.bsky.social.
💚 Tá TG4 ar mhuin na muice 💚
“TG4 has secured a €5.4 million uplift. A 9% increase that brings the Irish-language broadcaster’s total state funding next year to €65.4 million. Director-General Deirdre Ní Choistín welcomed the decision.”
www.broadbandtvnews.com/2025/10/07/t...
Tá Cartlann Chonradh na Gaeilge ag eagrú ‘Idir Peann & Poblacht’ - oíche ag comóradh na gConraitheoirí a raibh ról lárnach acu in Éirí Amach 1916 & ag céiliúradh ról lárnach Chonradh na Gaeilge in aistear an neamhspleáchais.
📅Amárach
⏲️20:00
📍Ionad an Phiarsaigh, BÁC
Fáilte roimh chách!
Cúis mhór bhróin go bhfuil Manchán Magan ar shlí na fírinne.
Ceannródaí fíor ar son na Gaeilge ab ea Manchán, & fágann a shaothar mar scríbhneoir, craoltóir & feachtasóir oidhreacht bhuan ina dhiaidh.
Gabhann Conradh na Gaeilge comhbhrón ó chroí lena mhuintir go léir.
Laoch ar lár 💚
Ba chóir go mbeadh díospóireacht Gaeilge don Uachtaránacht ann.
Ní hamháin gur ceist cothroime atá anseo, ach ceist aitheantais don phobal Gaeilge freisin. Iarraimid ar @TG4TV athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh chun freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. tuairisc.ie/bru-a-chur-a...
Pointí maithe déanta leis an Roinn ag an gComhchoiste Oireachtais. Ba chóir dóibh gníomhú anois.
Tá gá le samhail in Éirinn bunaithe ar mhúnla an Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa Bhreatain Bheag, a d’oibreodh le hinstitiúidí 3ú leibhéal chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn. tuairisc.ie/is-leir-gur-...
Cuirimid fáilte roimh chinneadh an Roinn Gaeltachta stop a chur le díol tithe saoire i gConamara go dtí go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar an scéal.
Táimid ag súil go ndéanfar an t-athbhreithniú gan mhoill - is gá freastal ar riachtanais an phobail.
tuairisc.ie/failte-curth...
Tá seachtain le dul go Cáinaisnéis 2026 ⏳
Níor tugadh tús áite ceart don Ghaeilge riamh i gcaiteachas an Stáit 👆
Caithfimid brú a chur ar an rialtas ó dheas an infheistíocht chuí a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.
Tacú le gníomh.ie agus éiligh athrú✊
⭐️Tar ag obair linn : Bainisteoir Abhcóideachta - ó dheas⭐
📅 Spriocdháta: Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair @ 11 r.n.
Tuilleadh eolais 👉 peig.ie
🚨"Right now, too many students are being excluded from Irish. It is shameful that children coming to Ireland are simply handed exemptions, rather than being given the opportunity to learn our language like everyone else,” she said.
www.independent.ie/irish-news/n...
🚨Tá córas díolúintí na Gaeilge imithe go hiomlán as smacht🚨
Tá gá le polasaí ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal, bunaithe ar bhFráma Tagartha Comónta Eorpach a chur i bhfeidhm le freastail ar dhaltaí le riachtanais & ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras www.thejournal.ie/an-lion-is-m...
"Tá na héilimh oideachais a luaigh @cnagaeilge.bsky.social leis an Aire McEntee i measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn mar chuid den fheachtas CEARTA & agóid mhór beartaithe i mBÁC ar an 20 Meán Fómhair."
Bígí linn 20.09 & éilgih athrú don chóras oideachais✊ tuairisc.ie/sprioc-faoin...
🚨“Ba cheart go mbeadh an FSS ar thús cadhnaíochta ó thaobh na Gaeilge de san earnáil phoiblí, le cinntiú go bhfuil rochtain ag othair ar chúram sláinte i nGaeilge, sa Ghaeltacht go háirithe,” @hselive.bsky.social
tuairisc.ie/bearla-cambr...
Alt álainn ó @cnagaeilge.bsky.social
faoi mo chairde i Birmingham gaeilge.uk
#Gaeilge 💚 #GaeilgeGachLá 💚 #IrishInBritain
Rinneadh damáiste don Ghaeilge ar chomhartha sráide dátheangach i Machaire Rátha le déanaí. Níl áit ar bith sa tsochaí d'ionsaithe seicteacha mar seo.
We must call out acts like these for what they are - clear sectarian hate crimes!
www.derrynow.com/news/home/18...
📢 Ba chóir go mbeadh sé de cheart ag gach duine in Éirinn déileáil leis na Gardaí trí mheán na Gaeilge - go háirithe i gceantair Ghaeltachta.
Tá gá le gníomh práinneach anois i Maigh Eo agus i nDún na nGall chun freastal ar riachtanais a bpobal Gaeltachta. tuairisc.ie/gaeilge-ag-n...
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí @CnaG ag labhairt faoin easpa dul chun cinn atá déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2021 ag cur béime ar an ngá atá le plean gníomhaíochta uaillmhianach.
Bí linn 20.09.25 do CEARTA agus éiligh athrú dár dteanga ✊
www.rte.ie/radio/rnag/c...
⭐️Tar ag obair linn : Comhordaitheoir Tionscadail - Iarthar & Gaeltacht ⭐
📅 Spriocdháta: Céadaoin, 24 Meán Fómahir @ 11 r.n.
Tuilleadh eolais 👉 peig.ie
Mise agus mo bhéal iata le téip dearg samhalta.
👉Maoiniú Éagothrom
👉Géarchéim Tithíochta Ghaeltachta
👉Gaeilge faoi Éigeandáil Oideachais
👉Cearta Teanga
Scaoil saor ár dTeanga
*#BeidhMéAnn 20/09 #CEARTA✊
@cnagaeilge.bsky.social @craobhntmk.bsky.social
@fiannafailparty.bsky.social
@finegael.bsky.social
.
Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí ar fad atá ag fáil torthaí Ardteiste inniu 🙌
Guímid ádh mór oraibh le gach aon rud a dhéanfaidh sibh amach anseo - tá neart romhaibh, bainigí sult as! 💚
Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha @cnagaeilge.bsky.social ag plé an tábhacht go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hÉireann ar @newstalkfm.bsky.social 👏
Éist siar 👇
www.newstalk.com/podcasts/hig...
3/3 Guíonn @CnaG gach rath ar an Dr Burns ina ról nua agus beimid ag súil le comhoibriú leis chun tiomantas na hOllscoile don Ghaeilge a dhaingniú amach anseo.
Scéal iomlán @tuairisc.bsky.social 👇 tuairisc.ie/cruinniu-pra...
2/3 Ba chóir don Uachtarán nua gealltanas a thabhairt go bhfoghlaimeoidh sé an Ghaeilge, ionas gur féidir le pobal uile na hOllscoile, iad siúd ar na campais Ghaeltachta go háirithe, cumarsáid a dhéanamh leis i nGaeilge. ❗
1/3 I 2016/17 throid @cnagaeilge.bsky.social chun an riachtanas dlíthiúil a choinneáil go mbeadh Gaeilge ag uachtarán @uniofgalway.bsky.social
An tseachtain seo caite, ceapadh an chéad uachtarán gan Ghaeilge le breis is 100 bliain in ainneoin stádas dátheangach a bheith ag an Ollscoil. 🤔