Gaeilge Bheo's Avatar

Gaeilge Bheo

@gaeilgebheo

Mise Fergal, suim sa Ghaeilge agus an Dúlrá

414
Followers
407
Following
139
Posts
24.08.2024
Joined
Posts Following

Latest posts by Gaeilge Bheo @gaeilgebheo

Bíonn neart dramháil anseo freisin 🤬 ach bailím an oiread agus is féidir liom. Ní dhearna an táille nua difir ar bith do dhaoine áirithe.

11.03.2026 19:13 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

An clabhrus fós ina chodladh inniu

11.03.2026 14:50 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Ní minic go bhfeicfadh tú é, ach, chaith duine échinnt bruscar gharraí anseo tamaillín ó shin agus anois, chroimchinní beaga bídeacha ag fás mar pabhsúir choille. 🌺

11.03.2026 14:30 👍 6 🔁 0 💬 2 📌 0

Nach fíor duit, agus muid coicís amach ó lá Bhríde

21.02.2026 19:56 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Nach grumtha an lá é?

21.02.2026 18:10 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Seo Leibide

Leibide an t-ainm ar chnámhfhiach/rocas óg.

Dar an seanchas, fanann an Leibide ar ghéaga ísle agus ligeann do na cnámhfhiachanna caiceadh anuas orthu - agus cuireann na sinsear ruaig ar na leibidí, is tógann siad a n-áit má éiríonn gaoth mór

14.02.2026 10:51 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Préachán?
Fíor, ach idir Cnámhfhiach, Rocas (as a dtagann an focal gallda 'ruckus') Badhb, Dubhéan nó Feannach - tá neart ainm aige.

Feannóg an t-ainm ar phréachán (Feannach) óg agus tá scéal le fheannóg an chmámhfhiacha, an 'Leibide' ....

14.02.2026 10:40 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Beagainín breis agus bliain ó straic Spéirling Eoghain rian trí na coillte agus, fiú inniu, tá crainn ag titim ina shleó - ar chuile gníomh tá frithghníomh agus is dócha go frithghníomh eile ar an bhfrithghníomh son, is leanann sé mar sin feadh bliana?

08.02.2026 15:42 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Ceo ar an bportach

15.12.2025 15:32 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Féilechán na Nollag

02.12.2025 18:23 👍 6 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Cristo Redentor, Ros Comáin, Éire

24.11.2025 14:34 👍 10 🔁 1 💬 0 📌 0

Is minic rud amú ach, Samhairchín Samhma? GFDO

15.11.2025 12:53 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Nach fíor sin

14.11.2025 12:54 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Inniu Mí Bhealtaine, ceapaim

14.11.2025 12:15 👍 4 🔁 0 💬 2 📌 0

Thar a bheith nimhneach 🤢🤮

06.11.2025 11:08 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Rud nua dom, grma, níor chuala mé tagairt ar an leagan gorm sa chaint, Fuath Dubh a chuala mé ar an bplanda san íomhá agat. Tá seacht saghas is tríocha den magairlín meidhreach agus ní aithneoinn ach saghas amháin - 🤡 mé!

31.10.2025 18:06 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Ailleacht an bhaoil
Nach álainn ar fad iad, caoraí an Fhuatha Dhuibh?

31.10.2025 14:27 👍 9 🔁 0 💬 3 📌 0

Púicíní a thugadh muid orthu agus mé óg. Chreid muid go raibh cónaí ag na Sidhe iontu agus ní raibh cead againn iad a bhriseadh. Coille a thug muid ar rud fiáin nach ainmhí é - bláthanna coille in áit bláthanna fíana 7rl.

26.10.2025 17:19 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Púicíní Coille - is fada ó chuir mé rud anseo. Sásta le toradh inné agus is cuma an siarbhaisteach atá linn. Lá maith agaibh uile

26.10.2025 13:04 👍 9 🔁 0 💬 3 📌 0

GRMA
tháinig muid slán anseo an uair seo ach tá na fearainn ó dheas díom gan leictreas 😭

04.08.2025 09:29 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Spéirling Florian ar a bealach agus, sa saol atá againn inniu, tá na powerbancanna ullamh agam mar ní dócha go mbeidh cumhacht againn ar maidin.

04.08.2025 00:22 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image Post image

Má tá dath donn air is minic go ndeireann daoine gur Leamhan é, ach, má tá an cumas aige a sciatháin a fhilleadh siar, is Féileachán é.

29.07.2025 13:15 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Agus dá ndearfá "leath chrann" liom bheinn ag ceapadh go raibh tú ag caint ar an tseanairgead.

21.05.2025 10:24 👍 5 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Seo seamair ach Seirc an t-ainm ar an seamair leis na bláthanna corcracha air. Tagann shamrock as seamair-óg agus b'fhéidir gurbh é Seircín a thug ainm don Oileáin?

12.05.2025 13:37 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Seo Tarbh bocht
Ní mór dom an teilifís a mhúcadh mar ceapann an créatúirín go bhfuil chuile dhuine ag caint faoi

07.05.2025 18:42 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Más annamh is iontach - seo agaibh an Bhainne Bhó Bleachtach agus é ag fás ar an gcuid sin den bhóthair cár fhaigheann tú is mó féar, noiníní, seirc agus cluaráin de gnáth. Ní mhaireann chuile fréamh sa bhitimin

23.04.2025 12:48 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Agus cloigeann mór buí air, tá sé anseo ó mhaidin ag breathnú lán sainte air a íomhá féin sa bhfuinneog. Díreach mar a bhí i scéal Nairshisise. Agus é sg breathnú air féin, titeann Nairshisis san uisce agus fásann an bláth lena ainm air ag áit a bhás. Níl an t-éinín agam báite, fós!

21.04.2025 10:02 👍 5 🔁 1 💬 0 📌 1
Post image

Cé go bhfuil gean mór agus cáil na ghleoteachta orthu ní dócha go bhfuil éinín níos eachairdiúla nó mímhuintí ná an spideog - ní bhacann siad fiú lena chéile ach amháin san Earrach nuair atá fonn orthu ál a thógaint. Seachas sin is éanaráin (aonarán agus cleití air) iad

26.03.2025 09:48 👍 10 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Is droch é an ghaoth nach séideann aon mhaitheas

I sleó Spéirling Eoin, tá neart ábhar tógála ullamh-chun-imeachta ag na préacháin

21.03.2025 09:15 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Is saghas ubhaghán iad cruaichíní an Ghúis Lochlannach (abies communis). Is baill choirp an chrainn iad, ní thiteann siad chun talamh agus lobhann siad ar an ngéag.

Tá gair focal bainincineach ar Gúis ach Giuthas an tseanlitriú air - na gúise/an ghiuthais? Cé cuma? Is deas iad

17.03.2025 07:55 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0