Sár-fhocal (nár agraí Dia ort é!)
Sár-fhocal (nár agraí Dia ort é!)
Alt spéisiúil. Maidir le huimhir a 4: Is cuimhin liom mo mhac ag teacht abhaile ón mbunscoil (gaelscoil) lá amháin a rá go ndúirt duine dá chairde leis an múinteoir "Leak bottle James!" Abairt gan aon fhocal Gaeilge ann, ach Gaeilge a bhí á labhairt aige ina intinn féin.
Ní bheadh an tuiscint sin agamsa ar an mBéarla ach oiread.
Ach dá mbeifeá ag iarraidh an gháirsiúlacht agus an láthair anatamaíoch a choinneáil: Chuir siad a mbundúin dhearga amach, b'fhéidir. Iarracht atá i gceist leis sin seachas an rath a bhí ar an iarracht (bhuel toradh na hiarrachta, is dóigh)
Ós ag caint ar bhundúin atáimid... ar chuala tú céard a thugann siad ar an gcolgrach??
Ní fhios agam an oibreodh sé i nGaeilge. Tá cuid den mhargadh sin ag brath ar an gcoimhthíos feictear dom, agus is deacair rud coimhthíoch diamhair a dhéanamh den Ghaeilge agus tú ag scríobh i nGaeilge.
🙂🙏
Tá ríméad orm gur thaitin sé leat!
Breá sásta é sin a dhéanamh, má bhíonn an deis agam chuige!
Ardaíonn, cé gur lú i bhfad an seans go mbeadh athrú ar leith chun do leasa ná chun d'aimhleasa. Mar a tharlaíonn sé, tá togra idir lámha faoi láthair againn inar dóigh linn go bhfuil eiseamláir den dara chineál aimsithe againn. Beidh le feiceáil an bhfuil na piarmheastóirí ar aon intinn linn.
I mo thuairimse tá difríocht éigin sa gciall eatarthu. Is é an tsamhail teanga atá mór. Ach d'aontóinn go bhfuil samhail mhór teanga níos éasca ar an gcluas, agus más é sin atá á rá ag daoine b'fhéidir nach fiú bheith buartha faoin difríocht bheag sin 🤷♂️
Lá fhéile Darwin sona daoibh, a chairde. Go n-éalaí muid bliain eile ó thua na héabhlóide.
Bhain mé an-taitneamh as Paiste Cainte a dhéanamh le @muintirshe.bsky.social. Ba dheas am a chaitheamh le laoch raidió - bean uasal a bhfuil an-chraic inti agus, ag an am céanna, an-chumas aici ábhar ar bith a chíoradh ar bhealach atá taitneamhach ach fós cruinn ⁊ soiléir
tuairisc.ie/paiste-caint...
Eibhlín Ní Lionáird ag seasamh i bhfuinneog shean teampaill
Ag baint an-sult as Féile Ghobnatan i mBaile Bhuirne. I measc na mbuaicphointí an turas a thug Eibhlín Ní Lionáird dúinn ar Reilig Ghobnatan. Seo í ag taispeáint Síle na Gig dúinn ós cionn fuinneoige an teampaill.
Níl sé sin inghlactha ar chor ar bith! @ceartateanga.bsky.social
😉
Bain sult as!
Crios Bhríde (crios na ceithre gcros) á dhéanamh Tigh Mhaidhc Pháidín.
"Lá agus oíche mar a cheile,
Mná ag caoineadh 's paistí ag scréachaíl,
Síon ón F16,
Marú ar gach taobh."
www.aljazeera.com/news/liveblo...
Bah hImbolg!
Go n-éirí leat le pé cros, crios nó caipín atá ar intinn agat a dhéanamh.
Toradh seachas aidhm na bpolasaithe anseo, más fíor an méid a deir na polaiteoirí linn.
Ceardlann Croise Bhríde ar an 1ú Feabhra ag a 8 i.n. Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionloch. Crosa Bhríde agus Criosanna Bhríde á ndéanamh faoi threoir Mhichíl Uí Dhroighneáin
Beidh criosanna Bhríde (chomh maith le crosa Bhríde) á ndéanamh i Mionloch ar an Domhnach (fáilte roimh chách! 🙂).
Mír bheag sólais i ré seo an bhaothlathais
Níl, ach bheadh spéis aici ann. An féidir liom a huimhir a roinnt leat ar theachtaireacht dhíreach?
Níl fhios agam. Fiafróidh mé di...
Tá deirfiúr liom, a bhfuil Gaeilge aici, ag cur fúithi in Hamilton. Bheadh spéis aici i d'altsa, déarfainn.
"All it can do is predict what word will come next based on all the words that have been typed in the past." Fíor agus amú amach is amach ag an am céanna IMT.
Léigh mé é agus tá go leor nach n-aontaím leis ann. Mar sin féin, is dóigh liom go bhfuil an ceart aige go dteipfidh ar go leor comhlachtaí AI ("Open"AI san áireamh, chuile sheans).
Éileamh chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael a chur ar fionraí go hiomlán i bhfianaise sháruithe Iosrael ar chearta an duine:
eci.ec.europa.eu/055/public/#...