Donncha ar Imeall an Domhain's Avatar

Donncha ar Imeall an Domhain

@kingdonncha1

Alces monnes lif bið sumes monnes lar. Is ceacht do dhuine éigin saol gach duine. sa tuiseal gairmeach: a Dhonncha, a Dennis, do Mhórgacht

879
Followers
381
Following
9,808
Posts
20.05.2023
Joined
Posts Following

Latest posts by Donncha ar Imeall an Domhain @kingdonncha1

Tugtar ardán do Eoin Ó Murchú, cara mór le Putin, ann.

06.03.2026 23:11 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0

Ní cogadh atá ar siul anois ach crosáid. An bhfuil ionadh ar éinne?

06.03.2026 20:15 👍 5 🔁 0 💬 0 📌 0

An mbeidh gradam agus trófaí agus discount coupon ag an mbuaiteoir i ngach catagóir?

06.03.2026 17:26 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Meisias (ó מָשִׁיחַ na hEabhraise) Ceann de na carachtair fantaisíochta is díobhálaí dár chum an cine daonna riamh.

06.03.2026 17:21 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Ar chóir dúinn uilig party piece úrnua a bheith againn le haghaidh Sheachtain na Geáitsíochta?

06.03.2026 17:15 👍 3 🔁 0 💬 2 📌 0
Post image

🙁 Tugadh bata is bóthar do Kristi “Gnome” inniu ach ní bheidh captaen nua an DHS aon phioc níos fearr. Ach ní bheidh orainn breathnú ar a cuid cosplay níos mó.

06.03.2026 01:03 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

@nativedialogsga.bsky.social Is cosúil gur thaitin an cur chuige atá agat leo. Is trua nár ghrinnigh siad é.

05.03.2026 23:09 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Hmm. Agus cé mhéad litir atá in “fóill”?

05.03.2026 22:53 👍 0 🔁 0 💬 2 📌 0
Post image

Feicim go bhfuil Aill na Brón agus Rinn na Brón ag logainm.ie. Ní mínítear gur “of the quern(stone)” is ciall le “na brón”. 🤷‍♂️ @logainm.bsky.social

05.03.2026 18:16 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image Post image

Rinne an t-údar tagairt do Rubha nam Bràithrean agus do na scéalta atá ann faoina ainm. Ach céard a bhí ag deireadh na caibidle ná an nóta seo. Do bharúil?

05.03.2026 05:13 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

@caoimhinsmo.bsky.social Fuair mé sampla de “Beasts Before Us: The Untold Story of Mammal Origins and Evolution” le Elsa Panciroli anois díreach agus céard a bhí ag tús an chéad chaibidil ná an sliocht seo: Caolas!

05.03.2026 05:06 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0

Fortea?

04.03.2026 23:15 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

Chaith mé cúpla nóiméad le déanaí ag breathnú ar an difríocht idir “samhail” agus “múnla”. Ní dóigh liom go bhfuil “múnlú” i gceist ag lucht LLM ach níl mé cinnte maidir le aon rud a bhfuil baint aige leis an gcleas sin. 😵‍💫

04.03.2026 21:21 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Sea, ach is dóigh liom go bhfuil mórshamhail níos snasta ná samhail mhór. Agus seachnaíonn sé sin aon mhíthuiscint ar nós “samhail mhórtheanga”.

04.03.2026 21:15 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Is cosúil go bhfuil cumas na mórshamhlacha teanga ag athrú ag luas lasrach, ó chiotach sé mhí ó shin go cliste inniu.

LLM = mórshamhail teanga = MST?
GRMA, a @duinedeas.bsky.social, as an téarma sin.

04.03.2026 17:56 👍 5 🔁 0 💬 4 📌 0
Tha Caolas Eadar Mi 's Iain - Lyrics & Translation - Julie Fowlis
Tha Caolas Eadar Mi 's Iain - Lyrics & Translation - Julie Fowlis YouTube video by TraditionalFolkMusic

Tháinig an t-òran luaidh sin isteach i mo cheann nuair a smaoinigh mé ar an bhfocal “caolas”.
www.youtube.com/watch?v=ZN0q...

03.03.2026 19:02 👍 1 🔁 0 💬 2 📌 0

Caolas?

03.03.2026 18:10 👍 7 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Casualty. Sin duine a fuair bás nár mharaigh muid d’aon turas. Bhí ciall cosúil leis sin le “éacht” uaireanta, tráth den saol. Cuireann an eabhlóid ó mharú go gníomh iontach an abairt seo i gcuimhne dom: “He made a killing in real estate.”

03.03.2026 18:02 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Crann bagrach?

03.03.2026 16:30 👍 6 🔁 0 💬 0 📌 0
Post image

Bhi Uiziá ina rí sa Bhíobla. Deir 2 Croinicí 26:16-19:
“Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. […] Tháinig fraoch feirge ar Uiziá […] Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan.”

03.03.2026 00:06 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

@polrua.bsky.social Cé gurb ionann an teanga iad Hindis agus Urdúis go bunúsach, tá aibítrí an-éagsúla acu agus ní ionann na focail a úsáideann siad go minic. Tá blas Urdúise sách láidir ar an amhrán sin. San aibítir a aithníonn tú:
.چودھویں کا چاند ہو یا آفتاب ہو؟ جوبھی ہو تم خدا کی قسم لاجواب ہو

02.03.2026 22:53 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

GRMA. Aontaím faoin bponc ar an ’i’.

02.03.2026 22:15 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Mohd. Rafi - Chaudvin Ka Chand (1960) - 'chaudveen ka chaand ho'
Mohd. Rafi - Chaudvin Ka Chand (1960) - 'chaudveen ka chaand ho' YouTube video by Archisman Mozumder

चौदवीं का चाँद हो या आफ़ताब हो,
जो भी हो तुम ख़ुदा की क़सम, लाजवाब हो
Is tú gealach an cheathrú lá déag nó an ghrian,
cibé céard thú, idir me is Dia, níl do leithéid ann. www.youtube.com/watch?v=REMX...

02.03.2026 19:30 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 1

A bheil sgeulachdan *ann an Gàidhlig* sa leabhar sin? @am-broc.bsky.social

02.03.2026 17:46 👍 2 🔁 0 💬 2 📌 0
Post image

Anocht beidh चौदवीं का चाँद le feiceáil mura mbíonn an iomarca scamall ann. Beidh an ghealach beagnach lán, an ghealach den cheathrú lá déag, an ghealach is áille toisc go mbeidh sí níos fearr fós.

02.03.2026 17:00 👍 8 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

Idir an dá linn…

02.03.2026 16:30 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0

Thiar sna 70’s bhí Jerry Brown ina ghobharnóir i gCalifornia. Dúirt sé nár cheart do léachtóirí ⁊ ollaimh ollscoile níos mó airgid a fháil toisc go bhfaigheann siad “psychic income” as an jab atá acu. Tá na focail sin in úsáid fós, go magúil den chuid is mó.

01.03.2026 19:46 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

An é an chaoi go bhfuil scoradán ciorcaid (circuit breaker) sa teanga? Is é sin, am ar bith a bhíonn róluchtú ann cliseann an tuiseal ginideach go hiomlán.

01.03.2026 16:57 👍 2 🔁 1 💬 1 📌 0

Fuarlaigh?

01.03.2026 16:38 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Post image

“leataobh bóthar mór an rí” in “Mac na Baintrí” ón seanchaí Micheál Breathnach níos mó ná leathchéad bliain ó shin agus a léigh mise cúpla nóiméad ó shin. @mouke.bsky.social @beirneach.bsky.social

01.03.2026 04:34 👍 5 🔁 0 💬 1 📌 0