Hanna Ní Lochnáin's Avatar

Hanna Ní Lochnáin

@nilochnain

Ciarraíoch i mBaile Átha Cliath. Táim anso don nGaelainn.

635
Followers
231
Following
1,206
Posts
21.08.2023
Joined
Posts Following

Latest posts by Hanna Ní Lochnáin @nilochnain

Ceapaim gur chuala "an dúbailt" ag Brian Tyers ach b'fhéidir go bhfuil dul amú orm.

11.03.2026 00:03 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Thar barr!!!

10.03.2026 16:56 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

An bhfuil an dá rud fite fuaite lena chéile?

10.03.2026 14:39 👍 4 🔁 0 💬 2 📌 1

Bhí mearbhall orm fé ról na gráinneoige mar cheapas gur "a chogaint" seachas "a chosaint" a bhí scríofa!
Conas ar éirigh libh? Slí iontach spraoiúil chun daoine a gcur ag caint!!

07.03.2026 11:10 👍 5 🔁 0 💬 1 📌 0

Rudaí stuama le rá ag an bean seo.

06.03.2026 16:34 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

Nuair a chonac "How to Gaol", smaoiníos ar Enoch Burke!

06.03.2026 09:13 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

Is dócha go bhfuil líon na ndaltaí sa tír méadaithe ach nach bhfuil aon Gaelscoil nua ar an bhfód ná spásanna sa bhreis aimsithe in aon cheann reatha.

05.03.2026 22:22 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0

Ní rómhinic a dhéanaim racht gáire ⁊ mé ag léamh alt nuachtáin ach bhíos sna trithí ag léamh an alt seo!

05.03.2026 17:24 👍 4 🔁 0 💬 0 📌 0

Is dócha ná bhfuil a fhios ag an boc san nach mbaineann na rialacha nua ach le tionóntachtaí nua...

05.03.2026 17:01 👍 1 🔁 0 💬 1 📌 0

Marrowbone Lane = Lána Mhuire Mhaith = Marie la Bonne.

03.03.2026 01:05 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0

Táim ag leanúint na díospóireachta, ach ag fanacht glan amach ó aon tuairim a nochtadh ina leith!

26.02.2026 17:31 👍 7 🔁 0 💬 2 📌 0

Agus mise leis!

25.02.2026 13:00 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Ana-smaoineamh! Is breá leis na déagóirí sa tigh seo an cluiche san. Slí ana-mhealltach chun daoine a chur ag caint as Gaelainn.

22.02.2026 11:00 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Tá an t-ádh linn in Uíbh Ráthach go bhfuil duine cumasach mar Victor ag obair linn le seacht mbliana anuas.

20.02.2026 14:12 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Faoiseamh! Ní rabhas chomh dona san mar mháthair tar éis an tsaoil!!!

18.02.2026 21:05 👍 7 🔁 1 💬 0 📌 0

Grma as Ecosia a chur ar mo shúile. Feictear dom go bhfuil an cuardach níos fearr ná Duck Duck Go. Google díbeartha ón bhfón ⁊ ón ríomhaire anois!

17.02.2026 15:25 👍 2 🔁 0 💬 0 📌 0

Díreach tréis éisteacht leis. Bhí sé thar barr! Ana-spéisiúil. Rudaí atá thar a bheith casta mínithe go soiléir - agus níl san fuirist! D'fhoghlaimíos ana-chuid!

15.02.2026 20:58 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

Níl aon cur amach agam ar Dan Jørgensen ach ceapaim go bhfuil ana-chiall leis an méid a ndeir sé annso.

"Ní cliseadh margaidh amháin é sin. Is éigeandáil shóisialta é."

"Ní mór don infheistíocht freastal ar dhaoine, seachas ar an amhantraíocht."

Anois - beart de réir briathar!

14.02.2026 16:24 👍 3 🔁 0 💬 0 📌 0

😂😂

13.02.2026 22:55 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Alt den chéad scoth a Rob.

11.02.2026 14:33 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0

Ní saineolaí mé ar ndóigh ach ná beadh sé ciallmhar cáin níosa mhó a ghearradh ar cíos gearr-théarmach ná cíos fad-théarmach?

11.02.2026 09:33 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Chaith mo dheirfiúr dhá mhí ag taisteal timpeall na hEorpa an samhradh seo caite. An léargas atá aici ná: na cathracha is fearr chun a bheith i do chónaí ann, is iadsan na cathracha is taithneamhaí chun a bheith mar turasóir ann leis.

11.02.2026 09:12 👍 3 🔁 0 💬 1 📌 0

An rud is fearr faoi Aifric ná go mbíonn ceacht i ngach clár ach ní luíonn siad róthrom ar an gceacht sin. Bíonn meas acu ar chlisteacht an lucht féachana. Agus ar ndóigh tá greann ⁊ eachtraí ⁊ spraoi fite fúite i ngach clár. Seoigh!!!

07.02.2026 17:25 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

Go hálainn! Thóg sé cúpla neomat orm!

07.02.2026 16:06 👍 1 🔁 0 💬 0 📌 0

An clár is fearr riamh ar TG4! Cuirim iontas ar na gasúir anseo nuair a thaispeánaim dóibh Jimín, Maidhc srl. mar atá siad anois!

07.02.2026 16:05 👍 4 🔁 0 💬 1 📌 0

Cuirfidh mé an comhairle sin ar aghaidh go dtí an leaid óg san Ardteist!!

04.02.2026 23:51 👍 0 🔁 0 💬 1 📌 0
Mír ó ráiteas ó Coimisiún na Scrúdaithe Stáit.

Mír ó ráiteas ó Coimisiún na Scrúdaithe Stáit.

An leagan Béarla den mhír.

An leagan Béarla den mhír.

Mar a tharlaíonn go minic le ráitis ón earnáil phoiblí. Caithfear dul i dtuilleamaí an leagan Béarla chun a chinntiú gur thuigis an teachtaireacht i gceart.

03.02.2026 20:30 👍 11 🔁 0 💬 4 📌 0

Comhghairdeachas le @ddeibhinn.bsky.social - go n-éirí leat!!!

29.01.2026 21:47 👍 9 🔁 1 💬 0 📌 0

😫 an mbeimid tirim arís choíche??

29.01.2026 19:25 👍 0 🔁 0 💬 0 📌 0

Buíochas le Dia go bhfuil mí na báistí nach mór thart!

29.01.2026 12:19 👍 2 🔁 0 💬 1 📌 0